07 February 2003

An DUP agus Sinn Féin le bheith ag obair le chéile?

Síleann Robert McMillan go bhfuil an greim den fear mhór ar a pháirtí fein ag éirí lag:

"Tuairiscítear go gcaithfidh gach ráiteas a eisítear ar son an DUP dul fríd oifig lár an pháirtí. Ach ó tharla gur thug Hay an chaint, tchím féin é mar chomhartha go bhfuil greim grise an pháirtí ag éirí lag. Le dul in aois Ian Paisley, níl sé le feiceáil nó le cluinstin oiread agus ba ghnách. Tá seo ag tabhairt spáis do bhaill an pháirtí 'smaointiú os ard'."

Críochaigheann sé le seo:

"Ar a laghad beidh an dá Thaoiseach, Bertie Ahern agus Tony Blair, i mBéal Feirste ar an 12 Feabhra le fuinneamh a chur sa phróiseas. Ábhar suntais eile ná go bhfuil Martin McGuinness i Meiriceá fá choinne cainteanna le Richard Haass, Comhairleoir George W. Bush ar Éirinn. Beidh an tUasal Haass in Éirinn an mhí seo. Tá sé seo uilig ag éirí cosúil le choreography, nach bhfuil?"

No comments: